Home
» Scríbhneoireacht / Writing » Freagra ceist na Dáimhe 2011
Freagra ceist na Dáimhe 2011
March 11, 2011 | Posted by peadar under Scríbhneoireacht / Writing |
Comments off
|
A chléirgh bhínn na gceist ró achrannaí
Seo freagra chughat uaim féinig
I dtaoibh Bainc is bonds is sochmhainí
Ní chreidim focail ‘na dtaoibh in aonchor
Is cuimhin liom roinnt bliannta ó shoin
Bhí Sínnigh ag díol gach ní ar dollars
Bhailíodar isteach chuchu féin go treán
Cruach maoin ar gach tsaghas soláthar
Ansan a bhí alltacht ar Sam dar ndóigh
Is cheap a stór ag allúraigh
A charn mór graoi faoi smacht Pheking
Féach anois cé bheadh ‘na mháistir.
Ach bhí fear cliste ag obair do Sam ar ndeoin
Is dubhairt sé siúd leis féinig
Má tá an oiread dúil ag an tSín im ‘chash’
Déanfad ualach mór nua don straeighire
Do ghlaoigh ar chlódóirí is manghairí bainc
Is dubhairt léo a pháipéir glas do réiteach
Is le teann discréid chun é choimead faoi cheilt
Do chruthaigh sé na focail “Bog-áireamh méide”
Gíocs níor tháinig ó mheatheal na Síneach
Le heagla go gceapfaí an dollaéir pass faon-lag
Is go bhfaighí lucht air a fhagadh sa dríob é
Ar ndó, bhí an chruach is mó acu féinig
Mar sin a chléirigh agraím go láidir
Is ár dTaoiseach ag dul ag éileamh
Ná lorgaíoch sé billiún ansa is ansúd
Ach tabharfadh le leis gach aon rud
Déanfaighmíd brannar is fuirse is eagar
Ar ghéileagar na tíre tri chéile
Cuirfeam cat cheilteach ag preansáil go barra
Is fillfigh ár gclann chughain ón géibhinn
Is nuair thiocfaigh lá an áireamh ó bhainc na Bruiséile
Is aisíoc throm acu súd dá néileamh.
Téimís i mbun pinn is clódoirí grinn
Is tabharfaimís fuíolach páipéir dóibh.
Beidh said ag cneadaigh is ag únfairt is ag bagairt,
Is beidh mórán gránna ráite sna páipéirí
Ach ar nós Corcaigh le Sam, seachas ainmeacha “uile réalt”
Beidh an t-airigead slán sábhalta againn féinig. (Peadar Ó Riada 11/3/2011)