Home » Scríbhneoireacht / Writing » Díarmuidín agus Cóir Cúil Áodha

Díarmuidín agus Cóir Cúil Áodha

Alt ar Dhiarmuid O Suilleabháin a scriobhas do Choiste Éigse Dhiarmuid Uí Shuilleabháin 2002



Dáltha na Féinne fadó, bhí agus tá geann agus méinn ag baoill Chóir Cúil Aodha dá chéile. Do réir mar a chreimeann an saoghal giotaí tabhachtacha dár dtaithí laethúil nó do réir mar a chíorann an bás an bhuídhean le sruth an ama, teannann an dlúth-ghaol sin.

Ach i dtosach m’aimsire-se, ar bhás m’athar, ní raibh an Cóir ach seacht nó ocht de bhliannaibh d’aois. Bo mhór an steannc, nó preab, a bhain an tárlúint sin as an ngasra. Bhíos féin óg go maith - breis bheag agus sé mbliana déag d’aois - agus b’ fhuirist tuilleadh céile do mhuineadh dhom.

Gan dabhat, bo dheocair an cás é d’aon fhear óg nó stócach a bhí sa chóir, glacadh le órdaithe óm leithéid de gharsún. D’fhan na seana laochra agus na garsúin ab óige ina suí mar a raibh acu, ach thit an lár as an ngluaiseacht a eascair ó shleasaibh talaimh na bfear óg mar ar sheasaíodar i leith cur le chéile agus úsáid draíochta Chóir Chúïl Aodha.

Eisceacht ab ea Diarmuidín ámh. B’fhéidir gurbh fhusa dho é gan cónaí do bheith air anso i gCúil Aodha; bhí sé ag múineadh sa Phasáiste Thiar ag an am.

Thagadh sé abhaile deire na seachtaine. B’é an tráth céanna a bhíodh na cleachtaíocha agus coirmeacha againne agus gan dabhat, bhíodh an t-Aifreann ann gach Domhnach.

Ní ró mhaith a bhíosa chun cruinneas focal riamh agus is maith borb a bhíodh Diarmuidín le linn ceartaithe dhó de ghnáth ach is dóigh liom go raibh sé ábhar beag níos a chneasta liomsa ag na cruinnithe Cór an uair sin. Níor chuir sé aon speic orm riabh ó thaobh mo chuid treoracha ceoil. Ach is i gcúrsaí tinnribh agus freastail ar choirmeacha ’na gcaithimís taisteal, bo mhó a bhíodh a chuid tacaíochta le brath. Bhí sé i gcónaí ina charraig ar stáitse agus is mó bád bacach a sheolas ar a n’aistear ar árdáin na tíre, le guth Dhiarmuda ag glaoch ón dtosach mar a bheadh Barra Bua Fhinn Mhic Cúil i dTeamhair fadó.

Dá measadh sé mé bheith a d’iarraigh atharú áirithe agus ná raibh stócaigh ag tabhairt cluaise dhom, bo ghairid a’ mhaoill ar an béal borb d’úsáid go gonnta ar mo shon agus geallaim-se dhuit, ná bíodh níos mó ná abairtín ana ghairid ag teastáil chun é sin do chuir in úil - deis-bhéalaí Mhúscraighe go smior ann gan dabhat.

Nuair a aistrigh sé go Bleá Cliath ‘na dhiaidh san, bo dhiograiseach an ball é i gcónaí agus ní gá a rá gur mó míle a chuir sé dhe ó Iathar Dhuibhneach, i ndiaidh a chuid oibre, chun bheith n’ár dteannta ar stáitse nó i gcuideachtain a chéile i gcomhluadar gheannamhail i gcúlachaibh is i gcúiníbh dhorachadha Bhárra ‘n Choma.

Chaileamar go léir, idir sheasamh agus lár, ar feadh tamaillín an mhaidean Luain san 2/12/1991 nuair a ghaibh Diarmuidín leis trí gheataíobh an bháis chun an tsaoghail eile. Tá sé feicithe agam cúpla uair ó shoin im thaibhríocha agus bíonn sé igcónaí go geal gáiriteach, ullamh chun gnóth na h-amhránaíochta, agus é i gcomhluadar ghalánta, shualiceach, mar ba ghnáthach. Beannacht dílis Dé leis.


Liked it? Take a second to support peadar on Patreon!
Become a patron at Patreon!

Comments are closed.